Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Ceallach – Cín Lae Fíréin AD590–620 – Ainmnithe – Gradam An Post do Leabhar na Bliana 2023

.4 KG:

Leabhar Breac

Diarmuid Johnson

9781913814250

Praghas

16.00

Cur síos

Ar Imeallchríocha na Críostaíochta
Sa bhliain 591, chuaigh buíon manach as Beannchar ar eachtra go himeallchríocha na Críostaíochta ag craobhscaoileadh bhriathar Dé. Is é Columbanus Naomh ba cheann feadhna orthu. I measc na ndeisceabal a thug cúl le dúchas in éineacht leis, bhí cléireach darbh ainm Ceallach.

Cillín ar an Uaigneas
Tar éis aistear eipiciúil mara, seachrán agus cruatan, bhunaigh Columbanus agus Ceallach mainistreacha in oirthear na Fraince agus i ndeisceart na Gearmáine. Ach tharla easaontas eatarthu, agus rinne Ceallach cill dá chuid féin ar an uaigneas. Sankt Gallen is ainm do láthair na cille sin inniu – cathair agus ionad léinn i dtuaisceart na hEilvéise.

Scéal Cheallaigh: Scéal na hEorpa
Ceallach: manach agus mac rí; deoraí agus díthreabhach – is é a scéal féin atá sa leabhar seo. Tá cuid de scéal na Gaeilge ann chomh maith, agus de scéal na comaoine a chuir lucht na Gaeilge ar shaoithiúlacht na hEorpa míle go leith bliain ó shin. Ceallach: níor fhill sé ar Éirinn lena bheo. Ach tá scéal a bheatha slán arís.

Ainmnithe – Gradam Uí Shúilleabháin 2023

Eolas breise

Meáchan .4 kg