Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Ceistiúchán

.5 KG:

Coiscéim

Mairéad Ní Bhreisleáin Uí Cheallaigh

Praghas

15.00

Cur síos

Ar 21 Nollaig 1940, i lár an Dara Cogadh Domhanda, ghabh na póilíní i Moscó an tÉireannach Patrick Breslin as ospidéal ina raibh sé faoi chúram. Cérbh é an Patrick Breslin seo? Cén fáth go raibh sé sa Rúis? Cén fáth ar ghabh póilíní na Sóivéide é?

Chuaigh sé go Moscó i 1928 chun freastal ar Scoil Idirnáisiúnta Leinin agus fealsúnacht an Chumannachais idirnáisiúnta a fhoghlaim. Bhí sé fiche bliain d’aois agus d’fhág sé athair, máthair, deirfiúr agus deartháir ina dhiaidh. Níor fhill sé ón Aontas Sóivéadach. Phos sé ansin agus bhí clann air.

Ceistíodh ar feadh sé mhí é, é á chur ina leith gur spiaire é. Tarraingíodh an chúis sin siar, ach gearradh téarma ocht mbliana i gcampaí oibre air i 1941 ‘mar gheall ar a chomhghríosú frithréabhlóideach’. Ar 21 Meitheamh 1942 cailleadh é i gcampa in aice le cathair Kazan. Faoin am sin bhí iníon leis, Máiréad, in Éirinn lena máthair.

Tá taifid oifigiúla an cheistiúcháin faighte ag Máiréad, agus tá siad anseo ina n-iomláine. Tugann siad léargas lom ar dhuine faoi bhrú, ag iarraidh na freagraí cearta a thabhairt ar cheisteanna crua na n-údárás, agus a fhios aige go bhfuil a bheatha i ngeall air.

Eolas breise

Meáchan .5 kg