Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Cláirseach Choláiste na Tríonóide / The Trinity College Harp

1 KG:

Praghas

25.00

Tá stoc againn

Cur síos

Leabhar dátheangach

Ní féidir Cláirseach Choláiste na Tríonóide a sheachaint in Éirinn, sa lá atá inniu ann. Is í an samhail a úsáidtear do shuaitheantas oifigiúil na hÉireann. Is í séala oifigiúil an rialtais Éireannaigh – mar aon le hairgead na hÉireann agus beoir dhubh cháiliúil.

Bhí traidisiúin agus seinnt na cláirsí i gceartlár shaol na nGael ar feadh míle bliain nach mór. Ach in ainneoin seo, níl nóta amháin dá gcláirseach cloiste ag formhór mhuintir na hÉireann sa lá atá inniu ann – dochreidte, nach ea? Is cláirseach faoi leith í Cláirseach Choláiste na Tríonóide – cláirseach Ghaelach, sé sin. D’éag na cláirseacha seo sa 19ú haois. Bhídís ríthábhachtach i saol na nGael ar feadh na gcianta.

Déanfaidh an leabhar seo iarracht brí agus anam a chur i saol agus i gceol (is féidir a íoslódáil laistigh) na gcláirseach Gaelach seo trí mheán an chinn is clúití – Cláirseach Choláiste na Tríonóide. Déanfaidh sé iarracht beocht a thabhairt do chultúr na ndaoine a chum an uirlis sainiúil seo, uirlis ceoil nach raibh comhghleacaí aici ó thaobh na teicneolaíochta de lena linn féin, dar leis na saineolaithe. Is cóir go mbeadh aithne ag gach Éireannach ar an scéal cultúir seo, mar aon le héinne a bhfuil suim acu i stair an cheoil sa Domhan Thiar.

Eolas breise

Meáchan 1 kg