Skip to content

Cleite: Rún na Seacht gCloigne

0.15 KG:

Leabhar Breac

Paul Thiès

9780898332780

Praghas

7.50

Catagóir:

Cur síos

Úrscéal sa tsraith ‘Cleite’ don aoisghrúpa 7+ faoi fhoghlaí mara beag, agus a chuid cairde.

Tá athair is máthair Chleite de shíor ag troid. Ar chomhairle a chara, Crúca Beag, téann Cleite ag cuardach órchiste atá i bhfolach ar Oileán na Seacht gCloigne. ‘Má thagann sibh ar órchiste, is cinnte go ndéanfaidh bhur dtuismitheoirí cóisir mhór. Casfaidh bhur máthair an chláirseach agus casfaidh bhur n-athair an troimpéad agus ina dhiaidh sin gabhfaidh siad ag damhsa ar an deic. Beidh siad mór le chéile arís ansin.’ ‘An gceapann tú?’ a d’fhiafraigh Cleite de.

Foghlaí mara maith é Cleite. Tá sé ina chónaí lena mhuintir ar fad ar an long foghlaí mara, an Bolg Lán. Nuair nach mbíonn sé ag obair ar an long, caitheann sé an lá ag cuardach órchistí, nó ag spraoi lena chairde Crúca Beag agus Péarla.

Eolas breise

Meáchan 0.15 kg