Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Clocháin sa Scoilt: An tÚrscéal Iar-nua-aoiseach sa Ghaeilge

0.5 KG:

Coiscéim

Thaddeus Ó Buachalla

6660012190461

Praghas

10.0015.00

SKU: N/bh Catagóirí: ,

Cur síos

Is saothar ceannródaíochta é seo a fhéachann leis an úrscéal iar-nua-aoiseach sa Ghaeilge a thabhairt chun solais. Is beag staidéar atá déanta go dtí seo ar ábhar an iar-nua-aoiseachais i litríocht na Gaeilge ach féachann an leabhar seo lena léiriú ní hamháin go bhfuil sé ina chuid thabhachtach d’úrscéalaiocht na teanga ach go bhfuil baint shainiúil aige le stair shochteangeolaíoch agus liteartha na hEireann. Ni dhírionn an leabhar seo ar iar-nua-aoiseachas mar choincheap acistéitiúil ón gcoigrioch ach mar chur chuige liteartha a d’eascair go nádúrtha in Éirinn as ár gcaidreamh sainiúil le teanga.

Déantar plé agus mionscagadh anseo ar shaothair shainiúla ina léirítear tréithe iar-nua-aoiseacha. Má tá cuid acu turgnamhach nó dúshlánach, faightear treoracha anseo sa léirmheas cruinn a osclaíonn na húrscéalta seo i slite nua agus a thugann tuiscint láidir don léitheoir ar an rud is iar-nua-aoiseachas ann chomh maith lena áit i litríocht na Gaeilge.

Rugadh agus tógadh Thaddeus O Buachalla i gCathair Chorcaí. Bronnadh dochtúireacht air trí Roinn na Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Bhí sé ina léachtóir le Gaeilge sa Pholainn in Uniwersytet im. Adama Mickiewicza, Poznan. Is scríbhneoir cruthaitheach é chomh maith agus tá sé ag obair faoi láthair ar úrscéal nua sa Ghaeilge.

Eolas breise

Meáchan 0.5 kg
Clúdach

Bog, Crua