Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Cnuasach Chléire – Breandán Ó Buachalla

0.5 KG:

Dublin Institute for Advanced Studies

Breandán Ó Buachalla, Cathal Goan (eag), James McCloskey (eag)

9781855002340

Praghas

35.00

Cur síos

Thar thréimshe leathcheád bliana, bhí an mórscoláire Breandán Ó Buachalla ag gabháil do staidéar ar Ghaeilge Chléire i gContae Chorcaí. Mar chuid den taighde sin, bhí cnuasach focal á réiteach lena fhoilsiú aige a léireodh sainiúlacht chanúint an oileáin. Ach cailleadh gan choinne sa bhliain 2010 é agus fágadh an staidéar sin gan chríochnú. D’fhonn an saothar a thabhairt chun críche, tá James McCloskey agus Cathal Goan i ndiaidh cúram eagarthóireachta ar láimhscríbhinn Uí Bhuachalla a thabhairt orthu féin agus is é Cnuasach Chléire toradh na hoibre sin. Díolaim shaibhir ábhair atá ann ar scathán é ar shaol agus ar theanga Chléire, tráth a raibh an Ghaeilge beo i gcónaí ar an oileán mar theanga phobail ach í ag dul i léig. Miontaifead é ar ghnéithe ársa teangeolaíochta na canúna, ach sainléiriú fosta é ar shlite maireachtála agus nósanna cultúir atá imithe ar fad anois.

Eolas breise

Meáchan 0.5 kg