Skip to content

Comhrá Cosáin – Agallaimh Bheirte agus Lúibíní do Dhaoine Óga

0.5 KG:

Cló Iar-Chonnacht

Fearghas Mac Lochlainn (eag.), Ilúdar

9781784442316

Praghas

15.00

Cur síos

Tá creidiúint mhór ag dul do Thuismitheoirí na Gaeltachta a smaoinigh ar an bplean an cnuasach seo d’agallaimh bheirte agus de lúibíní do dhaoine óga a chur ar fáil. Tá cnuasach breá téagartha anseo. Tá leideanna anseo freisin don té a mbeadh fonn air nó uirthi tabhairt faoin gcumadóireacht. Tá saibhreas teanga clisteacht chainte anseo. Tá sáraíocht, spraoi agus spleodar ann. Pléitear gach ábhar faoin spéire anseo: tá an seansaol agus an nuatheicneolaíocht ann; tá cúrsaí spóirt agus cailleadh meáchain ann. Tá gach cineál duine anseo. Tá carachtair bhríomhara, bharrúla ann: an déagóir pusach; an tuismitheoir cantalach; an dailtín dána; an múinteoir scoile; agus go leor, leor eile! Is cinnte go mbainfidh idir shean agus óg an-tairbhe agus an-taitneamh as an leabhar seo.

Eolas breise

Meáchan 0.5 kg