Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0
Lascaine!

Concise English–Irish Dictionary (cóip dhamáistithe)

3.1 KG:

An Gúm

Pádraig Ó Mianáin

9781857910247

Praghas

30.00 20.00

Tá stoc againn

Cur síos

Tá smál áirithe leis an gcóip a gheofar má ordaítear an táirge seo. Tagann an foclóir i bpéirí i gclúdach plaisteach, agus in amanna tá an plaisteach sin i ndiaidh an forchlúdach a tharraingt sa bhealach mícheart. Ní stróicthe atá sé, ach brúite agus fillte beagán. Tá sé go breá gan an forchlúdach, ach ní mholfaimis an ceann seo mar bhronntanas! Tá cúpla cóip gearrtha beagán ar an bhforchlúdach; arís, iad go breá le húsáid ach b’fhéidir nach mbeadh siad oiriúnach mar bhronntanas. 

30,000 ceannfhocal atá san fhoclóir nua a bhfuil Pádraig Ó Mianáin, scoláire Gaeilge as Doire, ina Phríomh-Eagarthóir air.

Tá an saothar nua bunaithe ar foclóir.ie, an foclóir ar líne atá áirithe ar cheann de na tograí Gaeilge is uaillmhianaí agus is tábhachtaí dá raibh ann le fada.

48,000 ceannfhocal atá sa bhfoclóir ar líne ach ar ndóigh ba ghá ciorruithe a dhéanamh don leagan clóite.

1,700 leathanach atá i gcorp an fhoclóra agus beidh 80 leathanach d’fhorlíonadh teanga agus gramadaí ann.

Is é Foclóir an Mhianánaigh, togra de chuid Fhoras na Gaeilge, an chéad saothar dá leithéid ó foilsíodh foclóir Thomáis de Bhaldraithe in 1959.

Eolas breise

Meáchan 3.1 kg