Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Corto – Port na Farraige Goirt

0.45 KG:

Leabhar Breac

Hugo Pratt

Praghas

12.00

Cur síos

Úrscéal grafach do dhéagóirí agus léitheoirí fásta: 1914, in áit éigin in iardheisceart an Aigéin Chiúin, tagann bád seoil an Chaptaein Raspúitín ar fhear ceangailte de rafta atá ag imeacht le sruth: Corto Maltese. Tá Corto agus Raspúitín ag obair don Mhanach, tiarna mistéireach ar fhoghlaithe mara na bhFarraigí Theas – fear a bhfuil rún uafásach á cheilt i ngar dá chroí aige. Agus cabhlaigh Shasana agus na Gearmáine ag fáil faoi réir don Chogadh Mór, cuirtear tús le heachtra ina gcastar canablaigh orainn agus longa cogaidh, fir chróga agus feallairí, cairde agus geilt, agus ógbhean álainn mhealltach a chuirfeadh an chluain ar an mairnéalach is cruaichte i bPort na Farraige Goirt.

An chéad leabhar sa tsraith.

Eolas breise

Meáchan 0.45 kg