Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Cracaitit – Scéal Adamhach (Krakatit)

0.45 KG:

Risteard Mac Annraoi

Risteard Mac Annraoi

Praghas

15.00

Cur síos

Aistriúchán Gaeilge den leabhar Krakatit, arna aistriú agus arna fhoilsiú ag Risteard Mac Annraoi.

Foilsíodh an t-úrscéal Cracaitit i Seicis sa bhliain 1924 ar dtúis, an dara úrscéal dá chuid. De réir dealraimh scríobh sé é mar fhaoiseamh dó féin ó na pianta coirp a bhí á chéasadh. Dar le léirmheastóirí áirithe go bhfuil sin le tabhairt faoi deara ar stíl an leabhair, a bhíonn thar a bheith drámatúil uaireanta. Tá an leabhar ag plé le cumhacht ollscriosta thar an ngnáth, agus Cracaitit mar theideal air. Eolaí is ea laoch an scéil, innealtóir óg darb ainm Prokop atá ciapaithe ag an aon smaoineamh amháin: go bhféadfaí ábhar pléascach a aimsiú i ngach aon rud, bíodh sé marbh nó beo. De thoradh a chuid taighde tá sé tar éis Cracaitit a chruthú, a sháraíonn cumhacht aon phléascán eile a bhí ariamh ann. Cuireann a thurgnamh ar seachrán é, áfach. Bíonn cathú air dearmad a dhéanamh ar a dhaonnacht féin ar mhaithe leis an eolaíocht ghlan, mar dhea. Tá iomrá ar a chuid saothair agus ní fada go dtagann daoine eile chuige ag iarraidh rún Chracaitit a fháil uaidh ar ais nó ar éigean.

Eolas breise

Meáchan 0.45 kg