Skip to content

Curaigh na hÉireann: A Stair agus a Scéal

0.7 KG:

Cló Iar-Chonnacht

Breandán Mac Conamhna

9781784441449

Praghas

15.00

Catagóir:

Cur síos

Bhí an curach ársa ag an gcine daonna ó am éicint roimh 10,000 bliain roimh Chríost, agus bhí sí in úsáid in Éirinn go dtí 1936. Is é a bhí sa gcurach ársa ná soitheach a bhí déanta as creatlach de ghéaga ceangailte le chéile, agus go raibh clúdach uiscedhíonach de sheithe uirthi. Tháinig tionchar na Réabhlóide Tionsclaíochta i bhfeidhm ar dheartha an churaigh le: hamaid sháfa do na garmain, na lataí agus na fonsaí; tairní, agus canbhás agus tarra. Sin a thug dúinn an curach traidisiúnta.

Sa gcéad chuid den leabhar insítear scéal an churaigh ó theacht an chéad fhear i gcurach suas go dtí an lá inniu. Is i gcurach chomh maith a tháinig: feilmeoireacht, na Ceiltigh, an Ghaeilge, Pádraig, an Chríostaíocht, léinn agus scríobh, agus is i gcurach a rinne na manaigh a dturais mhara éachtúla san Atlantach Thuaidh.

Sa dara chuid tá caibidil ar leith ag gach saghas curach a bhí ann: ceithre shaghas i nDún na nGall; ceithre shaghas i Muigh Eo; dhá shaghas i nGaillimh  agus bhí dhá shaghas naomhóg acu, ceann sa gClár agus ceann i gCiarraí.  Tá cur síos ar crot an churaigh, tréithre ar leith a bhí aici, teacht an churaigh traidisiúnta go dtí an cheantair agus a úsáid san iascaireacht, agus tá plean, tomhais agus toisí do gach saghas.

Eolas breise

Meáchan 0.7 kg