Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Danny Seaimpín an Domhain (Danny, Champion of the World)

0.25 KG:

Leabhar Breac

Roald Dahl

9781909907836

Praghas

9.00

Cur síos

Insítear scéal Danny agus a athar William san úrscéal seo (1975) a phléann leis an ngrá speisialta idir athair agus mac — scéal a bhaineann le roghanna morálta, agus a thaispeánann sé cé mar a dhéanann daoine ‘maithe’ drochrudaí, nó go gcuirtear daoine i gcás go mbíonn orthu roghanna deacra a dhéanamh. Ina dhiaidh sin féin, tugann an leabhar seo dóchas do dhaoine óga. Taispeáineann sé gur féidir leo céimeanna beaga a thógáil in aghaidh daoine atá ag déanamh gearleanúna orthu, agus cathanna beaga a bhuachaint trí chlisteacht agus obair chrua. Rinneadh scannán den leabhar in 1989, agus tá sé ar cheann de na leabhair is cáiliúla le Roald Dahl.

“Scéal iontach faoin grá idir athair agus mac, agus an dóigh a chuireann an t-athair oideachas saoil ar a mhac. Murab ionann agus go leor de scéalta Dahl, scéal réalaíoch atá anseo, lonnaithe faoin dtuath i Sasana i lár an chéad seo chaite…. Teanga shaibhir, rud beag canúnach atá sa leabhar – rud atá díreach ceart don scéal. Bainfidh léitheoirí neamhspleácha taitneamh agus tairbhe as, ag cuir lena n-eolas agus a saibhreas teanga.” Aonghus Ó hAlmhain, Gobblefunked

Eolas breise

Meáchan 0.25 kg