Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Dialann Emily Porter – Thíos seal, Thuas seal

0.34 KG:

LeabhairComhar

Richie Conroy, Don Conroy (maisitheoir)

9781919601304

Praghas

12.00

Cur síos

Tá Emily Porter sona sásta. Tá sí féin agus Cian ag dul amach ‘go hoifigiúil’, tá sí san idirbhliain anois (níl aon staidéar le déanamh ar feadh bliana), agus tá múinteoir nua ar scoil atá spreagúil, cineálta agus an-dathúil!

Ach, ní fada go dtosaíonn rudaí ag dul in olcas don déagóir bocht. Tá fadhbanna le réiteach aici. Fadhbanna lena cara Olivia, fadhbanna sa bhaile agus fadhbanna lena buachaill. Chomh maith leis sin, tá rún mór le scaoileadh ag Mam agus Daid a athróidh saol Emily ó bhun go barr.

Mórphearsana de chuid na litríochta ba iad Emily Brontë agus Emily Dickinson agus tá gliondar ar Emily Porter go bhfuil a dialann siúd ag cur le traidisiún liteartha na nEmilys.

Bhuaigh an saothar seo duais ag Comórtais Liteartha an Oireachtais 2020.

 

Eolas breise

Meáchan 0.34 kg