Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Diarmuid agus an Mata Yoga Draíochta san Astráil – Cártaí Yoga

0.4 KG:

Óga Yoga

Ciarán Mac Fhearghusa

Praghas

14.95

As stoc

Cur síos

Nuair a aimsíonn Diarmuid mata yoga draíochta imíonn sé ar eachtra spleodrach spraíúil an tslí ar fad go dtí an Astráil! Foghlaimíonn sé faoi na hainmhithe fíorspéisiúla atá ann, an timpeallacht, an cultúr agus cruthaíonn sé roinnt deasuithe yoga nua freisin.

Tá sé mar aidhm ag na cártaí idirghníomhacha seo an Ghaeilge a spreagadh sa bhaile i measc an teaghlaigh agus ar scoil i measc na ndaltaí. Nascann siad yoga, gluaiseachtaí coirp agus oideachas le chéile ar bhealach spraíúil spreagúil.

Conas na cártaí seo a úsáid

Ar thaobh amháin den chárta feicfidh tú Diarmuid ag déanamh cleachtadh yoga agus na treoracha a ghabhann leis an gcleachtadh sin. Ar an taobh eile den chárta feicfidh tú ainmhí agus firic fhánach amháin.

Is féidir cárta amháin a phiocadh amach ag an am lena chleachtadh nó is féidir cúpla cárta a roghnú agus do shraith nó do scéal yoga féin a chruthú. Léigh amach na treoracha ar an gcárta nó cruthaigh do threoracha féin. An féidir leat na Fíricí Fánacha ar fad a fhoghlaim agus a bheith i do shaineolaí ar ainmhithe na hAstráile?

Eolas breise

Meáchan 0.4 kg