Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Díolaim Próis 1450-1850

0.5 KG:

Leabhar Breac

Anraí Mac Giolla Chomhaill

9781913814045

Praghas

18.00

Cur síos

Sleachta as prós-scríbhneoireacht na Gaeilge sa ré 1450-1850 (faoi litriú na haoise seo) atá sa chnuasach breá seo le hAnraí Mac Giolla Chomhaill — maille le nóta beathaisnéise leis an Oll. Malachy Ó Néill.

Spiorad Raibiléiseach agus Rómánsúil
I bhfocail an eagarthóra, “tá teannas agus dáiríre thar an choitiantacht ag baint leis an chuid is mó de na téacsanna, go speisialta leis an saothar cráifeach. Is minic gruaim ar na húdair, cionn is go bhfuil an náisiún Gaelach agus an teanga ag meath. Ach os a choinne sin, tá spiorad raibiléiseach na dtéacsanna aoracha againn, agus spiorad rómánsúil na meánaoiseanna sna leabhair a cumadh faoi thionchar litríocht na Mór-Roinne; agus tá sárstílithe ar nós Chéitinn agus Mhic Aingil ar mór an pléisiúr dúinn go fóill a bprós glinn beacht a léamh.”

In 1971 a foilsíodh an chéad eagrán, agus beidh an-áthas ar léitheoirí an leabhar a fheiceáil i gcló arís.

Eolas breise

Meáchan 0.5 kg