Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Dirk Gently agus a Ghníomhaireacht Bhleachtaireachta Iomlánaíoch

0.5 KG:

Féinfhoilsithe

Douglas Adams, Risteárd Mac Annraoi (aistr.)

Praghas

15.00

Cur síos

‘Dirk Gently’s Holistic Detective Agency’ de chuid Douglas Adams aistrithe go Gaeilge ag Risteárd Mac Annraoi.

Cat marbh, sáreolai ríomhaireachta, Manach Aibhléise a chreideann go bhfuil an saol bándearg, an mheicnic chandamach, cróineolaí atá breis is 200 bliain d’aois, Samuel Taylor Coleridge file, agus píotsa. Cén bhaint atá acu le chéile?

Baint ar bith, de réir dealraimh… go dtugann an bleachtaire príobháideach Dirk Gently faoina chruthú go bhfuil gach aon rud fite fuaite ina chéile ó bhonn.

Réitionn sé dúnmharú diamhair, téann sé i gcabhair ar ollamh diamhair, fuasclaíonn sé diamhracht dhiamhair, itheann sé píotsaí go leor—gan trácht ar an gcine daonna a thabhairt slán ón mbás (gan costas breise).

Chun a thuilleadh a fháil amach, léigh an leabhar seo – sin nó déan teagmháil le Dirk Gently agus a Ghniomhaireacht Bhleachtaireachta Iomlánaíoch.

Eolas breise

Meáchan 0.5 kg