Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Dónall Dána – Horrid Henry as Gaeilge

0.3 KG:

Cló Iar-Chonnacht

Francesa Simon

Praghas

8.00

As stoc

Catagóir:

Cur síos

Seans gur chuala tú faoin mbuachaill dána sin Horrid Henry. Anois tá sé in am aithne a chur ar Dhónall Dána, mar atá baistithe ar Horrid Henry sa leagan Gaeilge den tsraith cháiliúil le Francesca Simon atá á chur i gcló ag Cló Iar-Chonnacht agus iad maisithe ag Tony Ross.

Foilseoidh Cló Iar-Chonnacht cúig leabhar ón tsraith Horrid Henry i mbliana agus cúig cinn eile an bhliain seo chugainn. Tá an tsraith aistrithe go Gaeilge bhreá nádúrtha ag ceathrar ban, Máirín Ní Ghadhra, Gormfhlaith Ní Thuairisg, Caitlín Ní Chualáin agus Marion Ní Shúilleabháin. Is cainteoirí Gaeilge ó dhúchas iad uile agus iriseoirí le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Is é Horrid Henry: Dónall Dána an chéad leabhar sa tsraith agus tá cheithre gearrscéal san áireamh ann mar atá i ngach leabhar eile sa tsraith.

Diabhailín ceart é Dónall Dána. Is buachaill é gur aoibheann leis cleasanna gránna, uafásacha a imirt. Caitheann sé bia thart, sciobann sé rudaí, bíonn sé ag brú, ag soncadh agus ag pinseáil.

Tá deartháir níos óige ag Dónall atá iomlán difrúil ó Dhónall. Buachaill maith é a dheartháir a chabhraíonn le chuile dhuine, a itheann a chuid glasraí agus nach bpiocann a shrón riamh!

Meas tú céard a tharlódh dá mbeadh Dónall foirfe ar nós a dhearthár?

Eolas breise

Meáchan 0.3 kg