Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Dónall Dána – Míola

0.3 KG:

Cló Iar-Chonnacht

Francesa Simon

Praghas

8.00

As stoc

Catagóir:

Cur síos

Ranganna 4 go 6

Feiliúnach do léitheoirí ó 7 go 12 bliain d’aois.

Seans gur chuala tú faoin mbuachaill dána sin Horrid Henry. Anois tá sé in am aithne a chur ar Dhónall Dána, mar atá baistithe ar Horrid Henry sa leagan Gaeilge den tsraith cháiliúil le Francesca Simon atá á chur i gcló ag Cló Iar-Chonnacht agus iad maisithe ag Tony Ross.

Foilseoidh Cló Iar-Chonnacht cúig leabhar ón tsraith Horrid Henry i mbliana agus cúig cinn eile an bhliain seo chugainn. Tá an tsraith aistrithe go Gaeilge bhreá nádúrtha ag ceathrar ban, Máirín Ní Ghadhra, Gormfhlaith Ní Thuairisg, Caitlín Ní Chualáin agus Marion Ní Shúilleabháin. Is cainteoirí Gaeilge ó dhúchas iad uile agus iriseoirí le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Is é HORRID HENRY : DÓNALL DÁNA Míola an ceathrú leabhar sa tsraith, is í Gormfhlaith Ní Thuairisg a d’aistrigh go Gaeilge é agus tá cheithre gearrscéal san áireamh ann mar atá i ngach leabhar eile sa tsraith.

Diabhailín ceart é Dónall Dána. Is buachaill é gur aoibheann leis cleasanna gránna, uafásacha a imirt. Caitheann sé bia thart, sciobann sé rudaí, bíonn sé ag brú, ag soncadh agus ag pinseáil.

Tá litir tagtha abhaile ón scoil ‘Seachain!’ atá scríofa ann ‘Míola, míola, míola, míola feicthe sa scoil! Faigh réidh leo!!’ Bhí litreacha á seoladh abhaile ón scoil le roinnt seachtainí ach bhí siad á gcur i bhfolach ag Dónall Dána mar nár thaitin an boladh bréan atá ar an seampú míola leis agus ní raibh sé ag iarraidh go nífí a ghruaig leis. Faoin am go bhfaigheann a mhuintir scéala, tá míola ar chuile dhuine sa teach, ach amháin a dheartháir óg atá foirfe

Eolas breise

Meáchan 0.3 kg