Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Dónall Dána – Saibhreas Sciobtha

0.3 KG:

Cló Iar-Chonnacht

Francesa Simon - Máirín Ní Ghadhra a d'aistrigh

Praghas

8.00

As stoc

Catagóir:

Cur síos

Seans gur chuala tú faoin mbuachaill dána sin Horrid Henry. Anois tá sé in am aithne a chur ar Dhónall Dána, mar atá baistithe ar Horrid Henry sa leagan Gaeilge den tsraith cháiliúil le Francesca Simon atá á chur i gcló ag Cló Iar-Chonnacht agus iad maisithe ag Tony Ross.

Foilseoidh Cló Iar-Chonnacht cúig leabhar ón tsraith Horrid Henry in 2016 agus cúig cinn eile an bhliain seo chugainn. Tá an tsraith aistrithe go Gaeilge bhreá nádúrtha ag ceathrar ban, Máirín Ní Ghadhra, Gormfhlaith Ní Thuairisg, Caitlín Ní Chualáin agus Marion Ní Shúilleabháin. Is cainteoirí Gaeilge ó dhúchas iad uile agus iriseoirí le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Is é HORRID HENRY : DÓNALL DÁNA Saibhreas Sciobtha an cúigiú leabhar sa tsraith, is í Marion Ní Shúilleabháin a d’aistrigh go Gaeilge é agus tá cheithre gearrscéal san áireamh ann mar atá i ngach leabhar eile sa tsraith.

Diabhailín ceart é Dónall Dána. Is buachaill é gur aoibheann leis cleasanna gránna, uafásacha a imirt. Caitheann sé bia thart, sciobann sé rudaí, bíonn sé ag brú, ag soncadh agus ag pinseáil.

Is aoibheann le Dónall Dána airgead. Is aoibheann leis airgead a chomhaireamh. Is aoibheann leis airgead a bheith aige ina lámh. Is aoibheann leis airgead a chaitheamh. Níl aige ach fadhb amháin. Ní bhíonn aon airgead aige riamh. Tá a bhoiscín airgid folamh agus ní thabharfaidh a mhuintir d’airgead póca dhó ach 50c in aghaidh na seachtaine. Ach tá plean ag Dónall lena shaibhreas a dhéanamh.

Eolas breise

Meáchan 0.3 kg