Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Dva: Díolaim de Nua-Litríocht na Slóivéine

Coiscéim

Eoghan Mac Aogáin agus Gabriel Rosenstock (eagarthóirí)

Praghas

15.00

Cur síos

I bPáirc an Fhionnuisce, os comhair Áras an Uachtaráin, ar Lá Bealtaine 2004, bronnadh ballraíocht san Aontas Eorpach ar an tSlóivéin. Sé bliana dár gcionn, seo anois díolaim dá nualitríocht, aistí staire agus critice, píosaí próis, agus dánta ó bhreis agus trí scór údar Slóivéanach, agus Gaeilge curtha orthu ag scór aistritheoirí ó Éirinn.

Litríocht láidir dhúchasach is ea litríocht na Slóivéanach a mhair ar feadh na gcéadta bliain i dtír bheag (2m duine) a raibh stádas an chúige leagtha amach di síos chomh fada le lár an chéid seo caite, agus gan aici mar dhearbhú ar a céannacht chultúrtha le linn an ama sin ach an litríocht.

Litríocht í seo a thagann chugainn ón Eoraip Láir, a bhfuil a oiread sin de stair chultúrtha na hEorap fréamhaithe inti, agus a laghad sin tuisceanna air sa chuid eile den Eoraip. Tugann téascanna na díólaime le chéile tréithe liteartha nach bhfeictear i dteannta a chéile níos mó i litríocht an iarthair, spraíúlacht agus éadóchas, díograis agus soiniciúlacht, garbhadas agus aoibhneas, diamhaireacht scanrúil agus greann mailíseach. Bheadh an dea-shaighdiúir Švejk agus Josef K ar a bhfód dúchais anseo, i mbailiúchán de scéalta agus de dhánta a insíonn scéal na Slóivéine dúinn agus a nochtann an litríocht féin i ról atá caillte le fada aici in iarthar na hEorpa.