Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Eachtra Ghiolla an Amaráin

0.3 KG:

Cló Iar-Chonnacht

Pádraig Ó Liatháin, Donncha Ruadh Mac Conmara

9781784441814

Praghas

10.00

Catagóirí: ,

Cur síos

Eagrán úrnua den dán iomráiteach ‘Eachtra Ghiolla an Amaráin’ leis an bhfile siúlach ilteangach Donncha Rua Mac Conmara (c.1715-1810), atá sa leabhar seo. Saothar suaithinseach neamhchoitianta is ea ‘Eachtra Ghiolla an Amaráin’. Déantar cur síos ann ar ar bhain don reacaire agus é ag taisteal ar an bhfarraige amach ó Phort Láirge go dtí an Domhan Úr. Agus é ar bord loinge, tagann bandia na Mumhan, Aoibheall na Carraige Léithe, ina láthair, agus téann siad beirt síos go dtí an Domhan Íochtarach. Tá tionchar Leabhar VI den Aeinéid le brath go láidir ar an gcuid seo den dán, ach go gcuireann an file blas Gaelach agus a chruth ceannairceach féin ar na himeachtaí in Háidéas.

Tá ionad ag ‘Eachtra Ghiolla an Amaráin’ taobh le saothair thaibhsiúla eile ón ochtú céad déag ar nós ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’ agus ‘Cúirt an mheon-oíche’. Cuireann an file scóip a shamhlaíochta in iúl le tógáil na hinste agus le fairsinge a chuid léinn, sa tslí go bhfuil blas na heipice ar an dán trí chéile. Tabharfar suntas do shaibhreas an fhriotail agus do shnastacht na meadarachta. Tá an t-eagrán údarásach seo bunaithe ar na bunfhoinsí lámhscríbhinne, agus cuirtear réamhrá, nótaí mínithe, foclóir agus innéacs ar fáil don léitheoir.

Eolas breise

Meáchan 0.3 kg