Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas (Alice’s Adventures in Wonderland)
0.35 KG:
Evertype
Lewis Carroll
9781904808138
€13.95
Tá stoc againn
Cur síos
An bealach sin,” a dúirt an Cat agus é ag bagairt a lapa dheis, “tá cónaí ar Haitéir: agus an bealach sin,” agus é ag bagairt an lapa eile, “tá cónaí ar Ghiorria Márta. Tabhair cuairt ar cibé duine acu is mian leat: tá siad as a meabhair beirt.”
“Ach nílim ag iarraidh dul i measc daoine atá as a meabhair,” a dúirt Eilís.
“Níl leigheas agat air sin, arú,” a dúirt an Cat. “Táimid go léir as ár meabhair anseo. Tá mise as mo mheabhair. Tá tusa as do mheabhair.”
“Conas atá a fhios agat go bhfuil mise as mo mheabhair?” a d’fhiafraigh Eilís.
“Caithfidh go bhfuil tú as do mheabhair,” a dúirt an Cat, “nó ní thiocfá anseo sa chéad áit.”
Nicholas Williams a rinne an leagan Gaeilge seo.
Eolas breise
Meáchan | 0.35 kg |
---|