Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Éagóir – Maolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna

0.66 KG:

Praghas

15.00

Cur síos

Insint líofa léir atá in Éagóir: Maolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna ar eachtra staire atá greanta go glé fós i ndaonchuimhne an phobail lenar bhain sí. Baineann croí an scéil le crochadh éagórach agus príosúnú saoil ar dhaoine neamhchiontacha bunaithe ar fhianaise bhréige, ar bhrathadóirí, agus ar mhímhacántacht na n-údarás agus na n-uaisle. Dúnmharuithe barbartha i ndorchadas na hoíche i bpobal iargúlta i nDúiche Sheoighe, ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo, sa bhliain 1882, a thionscain na himeachtaí uile.

Eolas breise

Meáchan 0.66 kg