Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

EL – Buaiteoir – Gradam Leabhar na Bliana An Post 2022 (ag fanacht ar athstoc)

0.5 KG:

Coiscéim

Thaddeus Ó Buachalla

Praghas

10.00

Catagóirí: ,

Cur síos

El – leabhar le Thaddeus Ó Buachalla.

“Tá scéal agam le hinsint daoibh, ach tá a fhios agam nach gcreidfidh sibh é. Déanfaidh uirlis an leabhair seo cúis chun é a insint, ach tá orm a chur in iúl daoibh i dtús báire nach úrscéal é. Tharla na rudaí seo. Dá mhéad áiféis atá ann mar scéal, ní féidir liom ach a dhearbhú daoibh go bhfuil sé fior. Tharla na rudaí seo domsa, agus ansin fuair mé amach faoi rudaí eile, eachtraí stairiúla, a raibh baint mhór acu le mo scéal féin. Agus mé ag insint an scéil seo daoibh, mholfainn daoibh bhur dtaighde féin a dhéanamh ar an gcuid stairiúil de. Ní gá, dar ndóigh…”

Tosnaíonn an scéal seo le beirt fhear óga a fheiceann rud atá dochreidte doshamhlaithe, go fiú. Ach de réir mar a nochtann an scéal, tógtar fírinní inaitheanta ina thimpeall go dtí go n-éiríonn sé níos deacra diúltú dó. Cad is fírinne ann i saol ina bhfuil eolas ag imeacht ar saithnin inár dtimpeall gach lá?

Tugann an scéal seo orainn ár dtuiscint ar an saol seo a cheistiú. Ag dul anonn is anall idir an lá atá inniu ann agus an seachtú aois déag, cruthaíonn sé líon damhán alla d’fhírinní stairiúla a fhitear le chéile chun saol eile a chruthú, saol a aithnímid ach nach féidir linn glacadh leis.

Bronnadh duais ar an leabhar seo i gComórtais Liteartha an Oireachtais. “Saothar samhlaitheach dúshlánach” a chuirfeadh stíl Umberto Eco i gcuimhne duit a thug moltóir amháin air. “Ní gach duine a n-éireodh leo seánra an fhicsin eolaíochta agus an úrscéil stairiúil a phósadh le chéile ach tá sé déanta ag údar El”, dar leis an moltóir eile, agus “ceisteanna móra fealsúnachta fite fuaite go healaíonta le scéinséir, scéal bleachtaireachta nó scéal mistéire.”

Is as Cathair Chorcaí an t-údar. Rinne sé dochtúireacht litríocht iar nua-aoiseach na Gaeilge gColáiste na hOllscoile Corcaigh, agus tá a leabhar ar an ábhar, ‘Clocháin sa Scoilt: An tÚrscéal Iar-nua-aoiseach sa Ghaeilge’, foilsithe ag Coiscéim.

Eolas breise

Meáchan 0.5 kg