Skip to content

Fabhalscéalta Aesóip

0.25 KG:

Foilseacháin Ábhair Sprioadálta

An tAthair Peadar Ó Laoire

9781906982652

Praghas

10.00

Tá stoc againn

Cur síos

Gréagach ab ea Aesóp. Rugadh é timpeall sé chead bliain roimh Chríost. Daor ab ea é. Mhair sé le linn Sholóin, an tOllamh dlí ba mhó dá raibh ar Ghréagaigh. Insíodh sé na fabhail mar sholaoidí, chun comhairle a leasa a thabhairt do ríthe agus do chumhachtí na haimsire sin. N’fheadar ach go mbeadh polaiteoirí ár linne in ann ceacht nóo dhó a d’fhoghlaim uathu ar mhaithe leis an bpobal.
Tá na fabhail chéanna á n-insint ó shin anuas i dteangacha agus in urlabhraí an domhain.
Táthar á n-insint anseo arís i nGaeilge san aistriúchán a dhein an tAthair Peadar Ó Laoire (An tAthair Peadar Ua Laoghaire: 1839-1920) breis is céad bliain ó shin. Bhí an cnuasach sin a d’aistrigh sé ar na leabhair is túisce a chuir sé le chéile. Níor sáraíodh é ar chruinneas ná ar bhinneas ná ar fhuinneamh na scéalta.
Bhí ard-bhuíochas tuillte ag an nDochtúir Dómhnall Ó Mathghamhna (1872-1942) i dtaobh a fheabhas a dhein sé eagarthoireacht ar an leabhar seo. Oidhre ar an Athair Peadar ab ea an dochtúir sa mhéid gurbh í Gaeilge an Athar Peadar a scríobhadh sé féin. Tá a théacs cóirithe as an nua anseo le hé a chur ar fáil do ghlúin nua léitheoirí.

Eolas breise

Meáchan 0.25 kg