Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Fad Saoil (CD)

0.2 KG:

Cló Iar-Chonnacht

Johnny Óg Connolly, Joe Steve Ó Neachtain

5391524053203

Praghas

15.00

Cur síos

Is minic a smaoiním gur gruama an saol a bheadh againn murach a dtugann ceoltóirí agus amhránaithe agus lucht ealaíona fré chéile de phléisiúr intinne dhúinn. Bhí sé de ádh ormsa a bheith i láthair i Seanscoil Sailearna nuair a chuir an grúpa óigeanta an ciogal os comhair an phobail den chéad uair. Ba léir óna gártha molta a tháinig ón lucht éisteachta go raibh muid ar fad tar éis a bheith i láthair ag ócáid fíorspeisialta. Ba dheacair a chreidiúint gur déágóirí a bhformhór. Iad cumasach ag oibriú go stuama le ceoltóirí, le amhránaihte agus le léiritheoirí a bhí beagán níos sine. Ní tharlaíonn sé gan dílseacht tuismitheoirí agus múinteoirí, a chuireann a gcroí is a n-anamh isteach san obair.

Deirtear gur cheart do chuile dhuine a marc a fhágáil ar an saol le pé ar bith talann a bhronn Dia orthu. Níl an grúpa seo ach i dtús a saoil ach tá a marc fágtha go follasach acu cheana fhéin. Is mór an ónóir don taobh tíre iad agus is mó fós an onóir dúinn go bhfuil cumadóir ceoil chomh cumasach le Johnny Óg Connolly ag roinnt an bhua atá aige le pobal na hÉireann fré chéile. – Joe Steve Ó Neachtain 

Eolas breise

Meáchan 0.2 kg