Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Fad Saoil

0.4 KG:

Cló Iar-Chonnacht

Joe Steve Ó Neachtain

9781784441364

Praghas

10.00

As stoc

Catagóir:

Cur síos

Tugann na dánta seo léargas ar shlí bheatha mhuintir an scríbhneora. Pléann na dánta gnéithe éagsúla de shaol an phobail agus dearca an fhile ar eachtraí móra agus beaga a shaol go dtí seo.

Mar a chuir Joe Steve fhéin é, “le linn deireadh an chogaidh i 1942 a rugadh mé, ar bhaile beag na Crí Duibhe, timpeall ceathrú mile taobh thiar den Spidéal i gConamara. Bhí sé d’ádh nó b’fhéidir de mhí-adh orm nár shloig an imirce mé. Sna garbhchríocha i measc na cosmhuintire atá mo shaol caite agam. Pobal misniúil nach raibh acu ach ón láimh go dtí an béal ach a thug oidhreacht agus áilleacht Chois Fharraige slán ó ghlúin go glúin.

I bhfoirm sraith dánta atá iarracht déanta agam léargas beag a thabhairt ar shlí bheatha mo mhuintire. Dán in aghaidh gach bliain de mo shaol a bhí mar sprioc agam: sin seachtú is a trí ag an tráth seo, ach ar ndóigh dá bhfaighinn aois Mhathúsalach níor leor é le cur síos a dhéanamh ar gach eachtra dár bhain gol is gaire asam ó caitheadh ar an sop mé.

Eolas breise

Meáchan 0.4 kg