Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Fáinne Fí Fífí

0.23 KG:

Móinín

Meadhbh Ní Eadhra

9780955407956

Praghas

9.00

Cur síos

Nuair a fhágann Fiona Béal Feirste le dul chun na hEilbhéise tá neart eachtraí roimpi – cuid acu a bhfuil sí ag súil leo, cuid eile nach bhfuil súil dá laghad aici leo. Cuirtear bainis a cara, Sabine, go cúl a cinn nuair a bhuaileann sí le Johann, an tEilbhéiseach dathúil. Ní leor bogha amháin a bheith ag Cupid chun a bhfuil de shaigheada an ghrá le scaoileadh sa chás seo. Ach cén mhistéir mhór chasta í seo a bhaineann le Roberto, an hunk Laidineach ón Iodáil atá geallta le Sabine? Céard é is bunús le hamhras an Éireannaigh óig i dtaobh an fhir Iodálaigh chéanna?

Tá an greann, an t-éad, an grá, an choiriúlacht agus an rúndacht sníomhtha go diamhair ar a chéile sa nóibhille nua-aimseartha seo. Tugtar léargas ar leith don léitheoir ar an intinn dhaonna sa 21ú aois agus ar phearsantachtaí na gcarachtar. Cuirtear coimhlint agus teannas na gcarachtar sin inár láthair, ach ní scaoiltear rún ar bith sula mbíonn sé in am sin a dhéanamh.

Suíomh spreagúil Eorpach a thugann úire do scéalaíocht na Gaeilge, stíl atá triallach bíogúil eitleach, agus foclaíocht atá pramsach agus go hiomlán ar an sprioc don déagléitheoir. Fíor-fheiliúnach do chailíní ar leibhéal na meánscoile.

Eolas breise

Meáchan 0.23 kg