Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Faye

0.15 KG:

Praghas

8.00

Cur síos

Is cailín óg dhá bhliain déag d’aois í Faye, a bhfuil cónaí uirthi faoi chúram an stáit. Bíonn tromluithe aici go minic, ach cén fáth? Cé go mbíonn sí i dtrioblóid go minic sa bhaile agus ar scoil, déanann sí gaiscí móra ar an bpáirc peile. Is ann a chasann sí le Liam; uaidh sin amach, athraíonn gach rud. Fásann Faye aníos sa scéal seo agus í ag iarraidh a bealach féin a dhéanamh sa saol.

Is scéal cumhachtach corraitheach é seo a rachaidh i bhfeidhm go mór ar léitheoirí. Coinníonn an stíl úr bríomhar aird agus spéis an léitheora síos tríd.

“Reacaireacht den chéad scoth. Tá an comhrá agus an leanúnachas sa scéal seo ar fheabhas ar fad. Sílim go bhfuil tuiscint mhaith ag an údar ar aigne an duine óig. Bheadh aon déagóir an-tógtha leis an scéal, a leagtar amach i stíl atá insroichte agus nua-aimseartha.” – Moltóirí an Oireachtais

Bhuaigh leagan den leabhar seo an chéad duais i gcomórtas liteartha an Oireachtais i 2016.

Eolas breise

Meáchan 0.15 kg