Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0
Lascaine!

File ar Fhile: Sraith Iomlán (Buaiteoir – Gradam de Bhaldraithe 2019)

1 KG:

Cois Life

9781912133697

Praghas

60.00

Catagóir:

Cur síos

Sraith leabhar filíochta í seo ina ndéanann filí aitheanta na hÉireann aistriúcháin go Gaeilge ar shaothar filí suaithinseacha na hEorpa. Iarradh ar gach file díolaim bheag dánta le file iomráiteach dá rogha féin a aistriú ón bhFraincis, ón Iodáilis, ón Spáinnis, nó ón nGearmáinis.

Eagráin uimhrithe theoranta de 300 cóip atá sa tsraith, seoda ó fhilíocht na hEorpa ón naoú haois déag go dtí an lá inniu.

Na leabhair sa tsraith:

  • Arthur Rimbaud aistrithe ón bhFraincis ag Liam Ó Muirthile
  • Antonella Anedda aistrithe ón Íodáilis ag Eiléan Ní Chuilleanáin
  • Antonio Machado aistrithe ón Spáinnis ag Tomás Mac Síomóin
  • Erich Fried aistrithe ón nGearmáinis ag Gabriel Rosenstock
  • Andrée Chedid aistrithe ón bhFraincis ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Eolas breise

Meáchan 1 kg