Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Fonn a Níos Fiach

0.2 KG:

Praghas

16.00

Catagóir:

Cur síos

‘Fonn a níos fiach’ a deir an seanfhocal, agus nuair a bhualann an t-ocras Seán Mhicil agus a theaghlach óg caithfidh sé seiftiú dá réir.

I bprós glan snoite, insíonn an t-úrscéal gearr seo scéal an fhir atá á thiomáint ag an ocras chun seilg a dhéanamh ar son a theaghlaigh. Ach más é an gorta a chuireann Seán Mhicil amach thar shneachta an tsléibhe i mblianta deiridh an Ghorta Mhóir, de réir mar atá an giorria éalaitheach á leanúint go diongbháilte aige gabhann an tseilg seo chun laochais.

Ba í seo an leabhar ab ansa dá chuid leis an údar féin — insint teann íogair a bhfuil fiántas agus boladh an dúchais tríd. Agus, cé go gcuirtear i gcomparáid le clasaic Hemmingway The Old Man and the Sea í, agus le Moby Dick Herman Melville, is sásúla go mór fada mar leabhar í seo.

“D’áireoinn é i measc na n-úrscéalta is fearr ar fad atá againn.” — Eoin P. Ó Murchú

Eolas breise

Meáchan 0.2 kg