Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Gaeilge gan Stró – Beginners Level (fuaim ar líne)

.6 KG:

Gaelchultúr

Éamonn Ó Dónaill

9780956361448

Praghas

39.95

Tá stoc againn (is é sin, beidh stoc ar fáil – níl sé againn díreach anois)

Cur síos

Cúrsa teanga ilmheán é Gaeilge gan Stró! – Beginners Level d’fhoghlaimeoirí fásta. Tá sé oiriúnach do dhaoine nach bhfuil Gaeilge ar bith acu nó nach bhfuil acu ach roinnt abairtí bunúsacha. Tá an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta ach tá deiseanna ag an bhfoghlaimeoir an teanga a scríobh agus a léamh freisin. Múintear an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bhíonn sí ag teastáil.

Is éard atá sa chúrsa seo ná leabhar agus 100+ comhaid fuaime gur féidir íoslódáil. Tá leagan ar líne den chúrsa ar fáil ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, www.ranganna.com. Is féidir an leabhar agus na comhaid fuaime a úsáid neamhspleách ar an gcúrsa ar líne.

Tá sé mar aidhm ag Gaeilge gan Stró! – Beginners Level cabhrú leo siúd a thabharfaidh faoin gcúrsa:

• nathanna coitianta laethúla agus frásaí bunúsacha a thuiscint;
• iad féin agus daoine eile a chur in aithne, agus ceisteanna a chur agus a fhreagairt mar gheall ar shonraí pearsanta (e.g. cúlra, áit chónaithe, teaghlach);
• comhrá simplí a dhéanamh le cainteoir atá ag labhairt go mall agus go soiléir agus atá sásta cabhair a chur ar fáil;
• stór focal a fhoghlaim ag baint le topaicí laethúla;
• tuiscint a fháil ar ghnéithe bunúsacha de ghramadach na Gaeilge.

Eolas breise

Meáchan .6 kg