Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Gael Linn i gCúige Uladh – Slis den Saol 1953-1970

0.5 KG:

Gael Linn

Dr Pádraig Ó Baoighill

Praghas

15.00

Cur síos

Tá aithne ar Phádraig Ó Baoighill i bhfad is i gcéin as an obair cheannródaíoch a rinne sé le Gael Linn ar feadh dhá scór bliain agus breis. Thosaigh Pádraig ag obair le Gael Linn i mí na Bealtaine 1953, díreach agus an eagraíocht tagtha ar an saol. Ceapadh é ina Bhainisteoir Réigiúnach ar Chúige Uladh agus an príomhdhualgas air na linnte a eagrú ar fud an chúige.

Sa leabhar seo, tugann Pádraig cuntas dúinn ar na dúshláin a bhí roimh thimirí Gael Linn le linn na dtrioblóidí ó thuaidh, ar bheartais chultúrtha agus ghnó na heagraíochta, agus ar an ráchairt a bhí ar an mballraíocht sna linnte faoina stiúir. Sé bliana déag a chaith Pádraig ina Bhainisteoir Réigiúnach nó gur ceapadh é ina Bhainisteoir Forbartha ar an tír ar fad.

Faighimid tuairiscí sa leabhar freisin ó bhaill den fhoireann a bhí ag saothrú le Gael Linn ó thuaidh le linn an ama sin. Ní amháin gur ábhar suime dúinne iad na cuntais seo ach beidh siad ina bhfoinse ríluachmhar ag staraithe amach anseo.

Tá Pádraig ar dhuine de na scríbhneoirí Gaeilge is bisiúla dá bhfuil ann; ó d’imigh sé ar scor i 1990, seo an tríú leabhar fichead atá scríofa aige.

Eolas breise

Meáchan 0.5 kg