Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
Lascaine!

Gaillimh – Díolaim Cathrach

0.7 KG:

Cló Iar-Chonnacht

Brian Ó Conchubhair (eagarthóir)

9781784442064

Praghas

20.00

Cur síos

Is dlúthchuid í an Ghaeilge agus litríocht na Gaeilge de shaíocht, d’oidhreacht agus de shaibhreas chathair na Gaillimhe. Tugann an díolaim seo de phrós agus d’fhilíocht spléachadh ar na slite éagsúla ar léiríodh, ar samhlaíodh agus ar tuigeadh príomhchathair an Iarthair, príomhchathair na Gaeilge, d’údair agus d’fhilí éagsúla Gaeilge.

Tagraítear anseo do dhealbh uí Chonaire, don Fhaiche Mhór, don Phóirse Chaoch, don Chladach, don Rinn Mhór, don Chaisleán Nua, do Chnoc na Cathrach, do Bhóthar na Trá, do Bhaile an Bhriotaigh, d’oileán Ealtanach, don Bhalla Fada, do Shéipéal an Chladaigh, don tSráid Ard, do Shráid Doiminic, don tSráid Láir, do Shráid na Céibhe, do Shráid na Siopaí, do Shráid Naomh Agaistín, do Shráid San Proinsias, don tSráid Trasna, do Bharr an Chalaidh, do Dhroichead an Chladaigh, don Droichead Beag, don Droichead Mór, do Dhroichead na mBradán, do Dhroichid Loch an tSáile, do Mhóinín na gCiseach agus d’áiteanna nach iad.

Cheal spáis ní ann do gach téacs ná gach údar a bhaineann le hábhar. Beartaíodh beathaisnéisí, dírbheathaisnéisí, cuimhní cinn, aistí agus drámaí a fhágáil ar lár. Is comóradh í an díolaim seo ar litríocht na Gaeilge, ar chathair na Gaillimhe agus ar Gaillimh 2020 ar aon.

Mar chúiteamh ar a laghad scríbhneoirí ban sa leabhar, iarradh ar dheichniúr filí mná dánta a scríobh. Táthar á foilsiú i mbliana mar chuid de chomóradh Gaillimh 2020 ionas go mbeidh an Ghaeilge agus litríocht na Gaeilge i lár an aonaigh liteartha agus cultúrtha.

Eolas breise

Meáchan 0.7 kg