Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Go dTaga do Ríocht (Trí Dhráma)

0.4 KG:

Cló Iar-Chonnacht

9781905560479

Praghas

15.00

Catagóir:

Cur síos

Go dTaga do Ríocht, Boicíní Bhóthar Kilburn agus Cripil Inis Meáin

Dráma amháin le Micheál ÓConghaile, Go dTaga do Ríocht, agus aistriúcháin leis ar dhá dhráma Béarla, Cripil Inis Meáin (The Cripple of Inishmaan) le Martin McDonagh agus Boicíní Bhóthar Kilburn (The Kings of the Kilburn High Road) le Jimmy Murphy in aon imleabhar amháin.

Go dTaga do Ríocht – Micheál Ó Conghaile
Tá Jimí, ocht mbliana déag, ina chónaí lena athair, Patrickín, finné Iáivé an-ghníomhach, agus mairg ar a gcuideachta le fada de bharr bhás mháthair Jimí agus an tógáil dhian, reiligiúnda a thug Patrickín dó. Téann an teannas eatarthu i méid agus Jimí ag teacht ar thuiscint ar a ghnéasacht go dtí go dtagann fírinne bhrónach, thragóideach chun solais.

 

Cripil Inis Meáin – Martin McDonagh

Is beag spraoi ná spórt atá i saol Bhillí, cripil seacht mbliana déag, agus é ina íochtarán i measc mhuintir an oileáin. Caitear leis go leanbaí agus tá sé céasta ag a imní faoi chúis bháis a thuismitheoirí. Nuair a bhíonn deis aige éalú go Meiriceá, an bhfaighidh sé saol níos fearr agus níos iomláine ann nó an dtabharfaidh a aistear as baile tuiscint dó ar shaibhreas a shaoil i measc a mhuintire?

Boicíní Bhóthar Kilburn – Jimmy Murphy

D’fhág cúigear cairde Conamara lena saibhreas a dhéanamh i Londain sna 1970idí. Tar éis tríocha bliain – agus neart cruatain ar shuíomhanna tógála ar fud Shasana agus saol a chuaigh amú le ragairne agus ólachán – tagann siad le chéile lá tórraimh an fhir ab óige acu, Jackie. An aontóidh an ócáid na fir nó an gcuirfidh brón an bháis agus léan na mblianta deireadh lena gcairdeas?

Eolas breise

Meáchan 0.4 kg