Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Go dtí an lá bán (le CD)

0.3 KG:

Éabhlóid

Máire Dinny Wren, Máirín Uí Fhearraigh, Brighid Ní Mhonacháin, Síle Uí Ghallchóir

Praghas

16.00

Catagóir:

Cur síos

Cnuasacht gearrscéalta ó cheithre scríbhneoir úra as Tír Chonaill. Scéalta a bhfuil meon na mban curtha os ár gcomhar go láidir iontu; cuid acu dúshlánach agus cigilteach, iad uilig smaointeach agus fiafraitheach faoin tsaol. Inste i nglórtha tréitheacha tomhaiste i gcanúint an Iarthuaiscirt. Torthaí iad seo ó obair Chiorcail Scríbhneoireachta Ghaoth Dobhair le trí blianta anuas, bailiúchán spreagúil scéalta a léiríonn éagsúlacht agus scóip an Chiorcail Scríbhneoireachta.

Sna 15 scéal atá sa chnuasacht seo tá gnéithe faoi leith den tsaol á gcíoradh i stíl phearsanta gach scríbhneora. Tá a bhlas féin ar gach scéal; is sliseanna éagsúla den tsaol iad, gnéithe a théann i bhfeidhm ar an scríbhneoir é féin agus a thugann air scagadh a dhéanamh ar an tsaol ina bhealach féin. Cé gur scéalta ficsin iad na gearrscéalta go léir, tá sé soiléir gur shíolraigh siad ó thaithí na scríbhneoirí féin ar an tsaol. Tugann gach scríbhneoir a dhearcadh leithleach féin go glé, gan leisc ná leithscéal agus ina ghlór muiníneach féin.

Sa chnuasacht scéalta seo, faigheann muid spléachadh ar shaol an cheantair agus léiriú sainiúil na mban ar an tsaol chomhaimseartha. Mar is dual do ghrúpa scríbhneoirí éagsúla, tá éagsúlacht ábhair agus éagsúlacht stíle sna scéalta. Scéalta do dhaoine fásta is mó ach tá scéalta anseo chomh maith a bhaineann le gnéithe de shaol an aosa óig, scéalta eile a bhfuil macallaí an bhéaloidis iontu agus cuid a eascraíonn ó chuimhní an cheantair. Rud atá le feiceáil go láidir fríd an chnuasacht ná meon na mban agus dearcadh na mban ar an tsaol.

Eolas breise

Meáchan 0.3 kg