Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Graveyard Clay – Aistriúchán Béarla de Cré na Cille

0.5 KG:

Cló Iar-Chonnacht

Máirtín Ó Cadhain

9780300203769

Praghas

15.00

Catagóir:

Cur síos

Sár-aistriúchán Béarla de mhórshaothar Mháirtín Uí Chadhain, Cré na Cille. 
San áireamh sa leabhar freisin, tá nótaí cuimsitheacha ina bhfuil cur síos déanta ag na haistritheoirí Liam Mac Con Iomaire agus Tim Robinson ar an gcur chuige a bhí acu féin agus iad i mbun an aistriúcháin, ar chúlra agus ar chomhthéacs an úrscéil.

Aistriúchán go Béarla a thugann spiorad agus brí bhunleagan Uí Chadhain leis go hinniúil. D’oibrigh Liam Mac Con Iomaire, arb as Conamara ó dhúchas é agus Tim Robinson, scríbhneoir agus cartagrafaí as Yorkshire, Sasana ó dhúchas, le chéile ar na aistriúchán seo. D’éirigh leo san aistriúchán seo brí agus ardchaighdeán liteartha bhunleagan Uí Chadhain a thabhairt slán. Úrscéal é seo atá lán den ghreann dubh agus a thugann saothar Synge agus Beckett chun cuimhne.

Titeann an scéal amach tríd an chaint agus an comhrá de réir mar a thagann na mairbh nua go dtí an reilig. Bíonn scéalta an tsaoil ag na mairbh nua agus insíonn an nuacht don dream atá sáinnithe ina gcónraí. Titeann maidhmeanna cúlchainte agus biadáin sa mhullach ar a chéile agus léirítear áiféis agus amaidí chás an chine daonna. Cuireann Mac Con Iomaire agus Robinson le saibhreas an aistriúcháin sna nótaí cuimsitheacha atá scríofa acu mar chompánach ag an téacs.

Eolas breise

Meáchan 0.5 kg