Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I gCochall Mo Chroí

Praghas

12.00

Catagóir:

Cur síos

Níl aon amhras ach gur teist é téama an chnuasaigh seo, téama an cheana, ar an luí aigne is mó atá ag Bríd Ní Mhóráin. Is iomaí saghas éagsúil ceana a fheictear sna dánta seo – cion réigiúin, don dúiche, don dúlra, an ghean lena maíonn sí tábhacht na seandaoine. Tá flaithiúlacht agus tuiscint le braith sa chaoi go ndéanann sí ionramháil ar an réimse leathan ábhar a bhíonn faoi chaibidil aici; is fíorannamh go bhfeictear cáineadh ina saothar. San am céanna, ní dánta rómhothalacha iad seo; léirítear leibhéal intleachtúil iontu, agus tuigtear don léitheoir go bhfuil an file ag smaoineamh a bealach tríd na dánta. File leathanaigeanta í Ní Mhóráin a ghlacann le spioradáltacht ó thraidisiúin chreidimh éagsúla agus ó réimsí éagsúla den saol – spioradáltacht Chaitliceach, Bhúdach, sa ghrá máthartha, sa ghrá rómánsúil, agus sa nádúr – agus é seo uile mar bhonn leis an gcomhbhá eagnaí neamhmhaothnach atá le sonrú ina cuid filíochta.