Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I nGrá Dé (Rang 1)

0.25 KG:

Veritas

9781847307927

Praghas

10.95

Catagóir: Clibeanna: ,

Cur síos

Tá gach clár sa tsraith I nGrá Dé roinnte i dtéamaí, a thugann deis do mhúinteoirí déileáil leis na téamaí éagsúla agus baint a thógáil as pleanáil agus comhtháthú traschuraclaim i múineadh an Oideachais Reiligiúnaigh. Tá na téamaí éagsúla deartha le go leanfaidís idir dhá agus ceithre seachtaine. Chomh maith le Nótaí an Mhúinteora agus na bileoga oibre i Lámhleabhar an Mhúinteora (ar féidir fótachóip a dhéanamh dóibh), cuirfear sraith chuimsitheach d’acmhainní ar líne ar fáil saor in aisce freisin, lena n-áirítear léaráidí a théann le gach scéal, gearrthóga físe agus naisc ghréasáin le haghaidh tuilleadh staidéir.

Gach seachtain, iarrfar ar thuismitheoirí agus ar bhaill teaghlaigh cabhrú lena gcuid páistí rud éigin a bhaineann leis an chlár a dhéanamh sa bhaile. Ar an gcúis sin, cuirfidh leabhar an pháiste, I nGrá Dé, léaráidí, scéalta, dánta agus gníomhaíochtaí do theaghlaigh ar fáil, le déanamh le chéile sa bhaile. Tabharfar cuireadh do thuismitheoirí agus do leanaí freisin, labhairt agus guí a dhéanamh faoin méid a bhfuil á fhoghlaim acu ar scoil.

Eolas breise

Meáchan 0.25 kg