Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Idir Neamh is Talamh

0.3 KG:

Cló Iar-Chonnacht

Joe Steve Ó Neachtain

9781784441074

Praghas

10.00

Cur síos

Coiscéimeanna neamhshaolta i ndubh na hoíche ag coinneáil comhluadair le fear óg ar a bhealach abhaile tar éis céilí; scuaine na marbh ag siúl roimh éirí na gréine; buachaill óg le feiceáil aríst ag a dheartháir blianta fada tar éis a bhá, ach i riocht eile – mar a deir an t-údar féin: “mo leagan fhéin den chineál scéalaíochta a bhíodh ag cur daoine á gcoisreacan fhéin le linn m’óige.” Ach ní síscéalta ná scéalta taibhsí amháin atá sa gcnuasach seo: tá scéalta ann faoi iontais na hóige, faoi uaigneas na seanaoise, faoi theaspach an ghrá. Is suarach an biachlár nach bhfuil éagsúlacht blas air.

Eolas breise

Meáchan 0.3 kg