Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Iníon Katie

0.4 KG:

Coiscéim

Brían Mac a' Bhaird

6660012220175

Praghas

15.00

Cur síos

Tugann an cnuasach seo léargas luachmhar neamhchoitianta ar shaol na hÉireann ó aimsir an Ghorta Mhóir suas go dtí an lá inniu. Tá idir ghreann agus ghruaim sna fíorscéalta seo, tragóid agus lúcháir. Tá téama na himirce le fáil i gcuid de na scéalta. I gceantar cois teorann, bíonn trácht go minic ar chúrsaí smugailéireachta agus na coimhlinte fosta. Tá muintearas na ndaoine agus iad ag tabhairt aghaidh ar an saol le léamh tríd an iomlán.

Ligfidh Iníon Katie dúinn dul siar ar bhóithrín na smaointe agus éisteacht le glúinte a chuaigh romhainn. Is doiligh anois Éire a shamhlú gan gutháin chliste ná meáin shóisialta, ach osclóidh na scéalta seo fuinneog ar shaol eile, saol nach bhfuil imithe uainn ach le gairid. Tá nasc tábhachtach anseo idir ré a chuaigh thart agus an t-am i láthair.

De shliocht na mBard é Brian Mac a’ Bhaird. Tá cónaí ar a mhuintir in oirdheisceart Uladh le corradh is dhá chéad bliain, agus cónaí air ansin go fóill. Saolaíodh é i 1947, agus cháiligh é in Ollscoil na Gaillimhe agus Ollscoil Mhá Nuad. Chuir sé sé bliana agus fiche isteach mar mhúinteoir meánscoile, chomh maith le daichead bliain ar fheirm. As cathair Ard Mhacha dá bhean chéile Sile, agus tá triúr clainne fásta acu.

Eolas breise

Meáchan 0.4 kg