Skip to content

Inis Mara – Ainmnithe – Gradam Réics Carló 2023

.3 KG:

LeabhairComhar

Tristan Rosenstock

9781919601397

Praghas

12.00

Cur síos

Bhí saol breá ag muintir Inis Mara agus bhí gach duine sona sásta. Ach nuair a cheaptar an Santóir mar cheannaire, téann gach rud in olcas agus milleann sé an t-oileán álainn le haer salach. Tá cailín cróga ar an oileán a spreagann gach duine chun seasamh a thógáil agus beartaíonn Éabha a dícheall a dhéanamh chun an Santóir a stopadh.

Scéal comhaimseartha eachtraíochta atá anseo a bhaineann le cúrsaí athrú aeráide, leis an tábhacht a bhaineann le bheith ag comhoibriú le daoine eile, agus le tábhacht na fírinne. Bainfidh léitheoirí óga agus aosta taitneamh agus tairbhe as eachtraí Éabha agus í ag iarraidh a pobal a thabhairt slán ón gceannaire cam atá ag milleadh an oileáin. Agus meabhraíonn an scéal dúinn arís is arís eile gur ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.

“Scéal tráthúil, taitneamhach agus spreagúil … le teachtaireachtaí a théann i bhfeidhm go mór ar an léitheoir.”

Áine-Máire Ní Cheallaigh, Stiúrthóir, Baile Átha Cliath UNESCO Cathair Litríochta

Eolas breise

Meáchan .3 kg