Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Khalil (leagan Gaeilge)

0.5 KG:

Barzaz

Yasmina Khadra, Mohammed Moulessehoul

9781910945858

Praghas

14.95

Cur síos

Samhain 2015. Ar mhótarbhealach sa Fhrainc, tá Khalil, Moslamach fir 23 bliana d’aois, ag triail ar chathair Pháras, crios pléascach fáiscthe lena chliabh. Ar an Stade de France i gcathair Pháras atá a thriail, é réidh le buille trom a bhualadh in aghaidh an tsaoil ghránna ina thimpeall agus Síoraíocht na Mairtíreach a bhaint amach.

Ach ar oíche sin an uafáis, níl Khalil i measc na mbráthar a chuireann iad féin chun báis…

An tAistritheoir

Tá réimse leathan leabhar aistrithe ag Máirín Nic Con Iomaire, iad foilsithe ag Futa Fata. Chaith sí tamall de bhlianta ag obair mar iriseoir agus léiritheoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is é Khalil an chéad úrscéal do dhaoine fásta atá aistrithe aici.

Léirmheas Antain Mhic Lochlainn:
“Deirtear gurb é bun agus barr an dea-aistriúcháin cinneadh ceart amháin a dhéanamh agus cinneadh ceart eile ina dhiaidh sin. Sin atá déanta ag [an aistritheoir] i gcás ‘Khalil’. Tá anáil na Fraincise le brath air gan an Ghaeilge a bheith aduain. Sárshaothar.”

Eolas breise

Meáchan 0.5 kg