Kíor Thuathail (Tríológ Mharseille – Leabhar 1)
0.5 KG:
Leabhar Breac
Jean-Claude Izzo
9781911363408
Praghas
€15.00
Cur síos
Scéinséir crua fileata suite ar bhruach na Meánmhara. Seo é scéal triúr comrádaithe a d’fhás suas in éindí ar shráideanna grianlasta Mharseille — Ugo, Manu agus Fabio — agus Lole álainn ghiofógach. Dlúthchairde iad le linn a n-óige. Scarann an saol ó chéile iad, agus tugann an bás ar ais iad.
Cur síos álainn fileata é seo ar Mharseille — ó chúl- sráideanna an Phanier go dtí an Canabière agus anuas go dtí an seanchalafort — agus ar na Francaigh, na hIodálaigh, na Spáinnigh agus na hArabaigh arbh iad pobal na cathrach sin iad.
Rinneadh scannán bunaithe ar an úrscéal seo i 2002, chomh maith le sraith teilifíse.
Eolas breise
Meáchan | 0.5 kg |
---|