Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Peig Sayers – Labharfad le Cách / I Will Speak to You All (bog)

0.5 KG:

New Island

Peig Sayers, Pádraig Ó Héalaí, Bo Almqvist

9781848408463

Praghas

19.95

Cur síos

 

Leabhar iomráite ‘Labharfad le Cách / I Will Speak to You All’ a tháinig amach an chéad uair in 2009 agus a d’imigh as cló, ar ais chugainn faoi chlúdach bog.

In eagar ag Bo Almqvist (nach maireann) agus Pádraig Ó Héalaí.

Leagan bog, taifeadtaí ar líne.

“Leabhar tábhachtach é seo a chuireann go mór le tuiscint an phobail agus scoláirí an bhéaloidis ar sheasamh Pheig Sayers i measc seanchaithe agus scéalaithe na hÉireann lena linn. Seo againn […] na taifeadtaí a rinne an BBC agus Radio Éireann ar thrí ócáid dhifriúla, an BBC ar 12 Lúnasa 1947, Radio Éireann ar 6-7 Samhain 1947 agus Radio Éireann arís i 1953, i dtreo dheireadh na bliana ní foláir i ndiaidh thréigean an Bhlascaoid Mhóir i mí na Samhna na bliana céanna. Tá téacs iomlán na dtaifeadtaí ó Pheig trascríofa sa leabhar seo agus tá ann chomh maith réamhrá cuimsitheach, colgaiseach, báidhiúil leis an Ollamh Bo Almqvist.

Tá nótaí ar thrascríobh na dtaifeadtaí, tráchtaireacht ar na míreanna ar fad a glacadh ó Pheig, nótaí scolártha mar agús leis an réamhrá, noda agus liosta foinsí gan trácht ar shraith de léaráidí agus de ghrianghraif, mar atá Peig trí shúile ealaíontóiri.”

Giota as léirmheas an-chuimsitheach le Liam Ó Dochartaigh ar an leabhar, a foilsíodh in Béaloideas 2010.

Eolas breise

Meáchan 0.5 kg