Skip to content

Laochra na hEolaíochta

Coiscéim

Matt Hussey

Praghas

10.0015.00

Cur síos

Léiríonn scéal na heolaíochta coimhlint iontach chasta an chine dhaonna chun cur lena thuiscint ar nádúr is feidhmiú an domhain agus na cruinne taobh amuigh de. Is scéal spreagúil corraitheach iltoiseach é, agus is scéal daonna é. Iarracht sheicheamhach imlineach atá sa leabhar seo an scéal sin a insint, agus tábhacht fhorásach na heolaíochta i saol an lae inniu a chur i láthair céim ar chéim, ag cur síos ar phríomhéachtaí na laochra eolaíochta is mó ó thús na staire.

Ta an réabhlóid eolaíochta agus an réabhlóid teicneolaíochta ag rith ar aghaidh as lámha a chéile i ngach gné de shaol an lae inniu. Is in intinní, léargais, foighne, dianseasmhacht is ionracas na n-eolaithe is na dteicneolaithe a thosaigh is a thosaionn na réabhlóidí seo. Mar sin, dirionn
an leabhar seo ar a gcuid éachtai tábhachtacha siúd chun creatlach scéal na heolaíochta a chur i láthair.

Riantar an chaoi a ndeachaigh na heolaíochtaí éagsúla chun cinn ó aois go haois. Tá cur síos le fáil anseo ar bhreis is 3,500 eolaí, a gcuid saothair
agus éachtai. Tugtar aird faoi leith ar an gcion a rinne eolaithe as Éirinn agus eolaithe a d’oibrigh in Éirinn. Ar deireadh, pléitear cuid de na constaici
atá os comhair na heolaíochta anois agus feasta.

Is as an gCathair, Co. Thiobraid Árann, do Matt Hussey. Ba léachtóir, Ceann Scoil na Fisice, agus Stiúrthóir Dhámh na hEolaíochta in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath é. Ba é eagarthóir na nuachtlitreach An tEolai ó 1991 go
2004. I measc a chuid leabhar, tá an tsraith téacsleabhar Fisic Shinsearach, an
gasaitéar eolaíochta Nod don Eolach, agus An Fortheamh Domhanda. Ba é a
scriobh Fréamh an Eolais, bunchiclipéid eolaíochta na Gaeilge.

Eolas breise

Meáchan N/bh
Clúdach

Crua, Bog