Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi (Through the Looking-Glass and What Alice Found There)

Evertype

Lewis Carroll

9781904808299

Praghas

12.95

Cur síos

Scéal samhraidh atá in Alice’s Adventures in Wonderland a d’fhoilsigh Lewis Carroll (Charles Lutwidge Dodgson) den chéad uair i mí Iúil 1865. D’fhoilsigh Nicholas Williams leagan Gaeilge de sin sa bhliain 2003 faoin teideal Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas. Is le paca cártaí a bhaineann roinnt mhaith de charachtair agus d’eachtraí an leabhair ud.

Scéal geimhridh is ea an scéal seo Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi agus is aistriúchán Gaeilge é ar Through the Looking-Glass and What Alice Found There le Lewis Carroll, a foilsíodh den chéad uair i mí na Nollag 1871.