Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Leabhar Nua na nAmhrán

0.5 KG:

Cló Iar-Chonnacht

Mícheál Ó Conghaile (eag.)

9781784441623

Praghas

12.00

Cur síos

Is comórtas tábhachtach do chumadóirí amhrán é Comórtas Cuimhneachán Sheáin Eoin Uí Shúilleabháin a bhíonn ar siúl ag an Oireachtas chuile bhliain. Comórtas d’amhráin nuachumtha le fonn traidisiúnta e, agus é mar aidhm aige amhránaíocht agus cumadóireacht den chineál seo a chothú trí amhráin nua a chur ar fáil go rialta.

Suas le céad amhrán atá sa gcnuasach seo, amhráin de chuid na glúine seo a cumadh ó cheann ceann na tíre, go h-áirithe sna Gaeltachtaí, le scór bliain anuas nó mar sin. Is fíorbheagán acu atá i gcló in aon leabhar cheana ná atá taifeadta ar aon dlúthcheirnín. Aidhm an chnuasaigh ná léitheoirí a chur á léamh den chéad uair, foghlaimeoirí a chur á bhfoghlaim agus, níos tábhachtaí fós, amhránaithe a chur á gcanadh is á dtaifeadadh óir is maith is fiú sin mar gheall ar a bhfiúntas, a saibhreas is a gcaighdeán ard cumadóireachta is ceardaíochta.

Na Cumadóirí 

Ray Mac Mánuis
Aodh Ó Domhnaill
Antaine Ó Faracháin
Fearghas Mac Lochlainn
Joe Ó Dónaill
Louis Mulcahy
Máirín Uí Dhomhnaill
Micheál Ó Domhnaill
Máirín Mac Donnchadha
Seán Ó Muimhneacháin
Seosamh Mac Donnacha
Traolach Ó Conghaile
Seán Ó Gráinne
Seán Mac Eochagáin
Seán de Búrca
Fiontán Ó Meachair
Pádraic Breathnach
Séamus Ó Fianghusa
Feargal Ó Béarra

Eolas breise

Meáchan 0.5 kg