Skip to content

Léachtaí Uí Chadhain

0.8 KG:

CLÓ

Liam Mac Amhlaigh, Caoimhín Mac Giolla Léith

9781916240377

Praghas

30.00

Catagóirí: ,

Cur síos

Cailleadh Máirtín Ó Cadhain (1906-1970), mórscríbhneoir an nuaphróis sa Ghaeilge, leathchéad bliain ó shin. Deich mbliana i ndiaidh a bháis, i 1980, cuireadh tús le sraith léachtaí bliantúla in ómós dó sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sraith atá faoi lánseoil i gcónaí. Dírithe ar phobal na Gaeilge trí chéile a bhí Léachtaí Uí Chadhain ón gcéad lá, bíodh nach beag an chomaoin atá curtha ag an tsraith ar léann na Gaeilge ó shin. Dhá thrá a bhí le freastal ó thús: athléamha a sholáthar ar shaol agus ar shaothar an Chadhnaigh agus athmhachnamh a dhéanamh ar na mórcheisteanna cultúrtha, sóisialta agus polaitiúla a bhí ag déanamh scime dó ar feadh a shaoil. Sa mhórchnuasach seo de na léachtaí ar fad a tugadh go dtí seo aimseofar an flosc agus an faobhar, an cur agus an cúiteamh, an saibhreas agus an ghaois agus, go háirithe, an ilchineálacht chéadach chéanna ba dhual do scríbhinní Uí Chadhain féin riamh.

Eolas breise

Meáchan 0.8 kg