Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Léargas ar an Cholainn Dhaonna (An Corp)

.5 KG:

An Gúm

Praghas

10.50

Tá stoc againn

Cur síos

Bunús na bitheolaíochta agus léargas glinn ar an taobh istigh den cholainn dhaonna is ábhar don leabhar eolais seo a bhfuil samhail mhór thríthoiseach neadaithe ina lár. Is é bua an leabhair ná go dtugann sé le chéile blúirí eolais, léaráidí trasghearrtha agus samhail le hiomlánú a dhéanamh ar thuiscint agus fheasacht an dalta ar dhéantús agus ar oibriú an choirp: na scamhóga, an t-ae, an bhlaosc, an córas cnámharlaigh, an córas riospráide, an néarchóras, an córas díleá. De réir mar a chastar na leathanaigh fágtar cuid eile den cholainn gan chlúdach.

Eolas breise

Meáchan .5 kg